Gaeilge

Tuairiscíonn an staidéar ráta báis an-íseal de 0.71% in othair le cásanna dearfacha daingnithe Covid-19.


Find this article in English and other languages here.
Find the direct link for download here.


Nua-Eabhrac, NY, 02 Iúil, 2020 - D’Fhógair Dochtúir Vladimir Zelenko, lia cúram príomhúil atá bunaithe i Nua-Eabhrac go bhfuil saidéar siarghabhálach a dhéanann anailís ar shonraí a chuid othar le fáil ar líne ar www.thezelenkoprotocol.com . D’aimsigh an staidéar, atá curtha faoi bhráid le haghaidh piarmheasúnaithe, go raibh de thoradh ar idirghabháil luath agus othair Covid-19 atá riosca-shrathaithe ná cúig huaire níos lú cur san ospidéal agus báis. Is é a bhí i gceist leis an gcóir leighis ná sinc, hydroxychloroquine (dáileog íseal) agus azithromycin.

Bhain formhór na staidéir Covid-19 roimh ré le hothair a bhí i ndrochshláinte dáiríre i suíomh ospidéil agus othair in aonad dianchúraim le aeráil mheicniúil.

Go contrártha, scrúdaíonn an staidéar seo torthaí a bhaineann le hidirghabháil luath na n-othar tar éis a gcéad cuairt chuig oifig an dochtúra. Le húsáid critéir simplí srathú-riosca, rinne Zelenko sainaithint ar na hothair a éiligh oidis don teiripe-dhruga triarach agus d’oideasaigh sé é ar feadh cúig lá.

Taispeánann na príomh-thorthaí nach raibh ach 2.4% (4/141) de na 141 othar a bhí cóireáilte curtha san ospidéal i gcomparáid le 15.4% de ghrúpa rialúcháin a bhí neamh-chóireáilte
(58/377) (cóimheas corrloch 0.16, 95% CI 0.06-0.5; p<0.001). Ní bhfuair ach 0.71% (1/141) de na hothair bás sa ghrúpa a bhí cóireáilte in aghaidh 3.5% (13/377) sa ghrúpa a bhí neamh-chóireáilte (cóimheas corrloch 0.2, 95% CI 0.03-1.5; p=0.16).

Chun an anailís agus an staidéar siarghabhálach seo a chur i láthair, chomhoibrigh Zelenko leis an Dochtúir Roland Derwand, dochtúir leighis Gearmánach agus saineolaí i dtionscail eolaíocht saoil maraon leis an Ollamh Martin Scholz, comhairleoir neamhspleách agus Ollamh Taca do Leigheas Turgnamhach in Ollscoil Heinrich Heine, Düsseldorf, An Ghearmáin. Ba iad Derwand agus Scholz a rinne tagairt don Phrótacal Zelenko don chéad uair i bpáipéar eolaíoch lena bpáipéar hipitéise a bhí foilsithe le déanaí mar gheall ar an tábhacht a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le meascán idir sinc, hydroxochloroquine (dáileog íseal) mar mhodh le Covid-19 a chóireáil. Chomh maith leis sin, ba iad Derwand agus Scholz a rinne anailís ar an sonraíocht agus a threoraigh scríobhneoireacht an staidéir fad is a láimhseáil Zelenko an cóir-leighis pearsanta.

‘’Is é an rud a dhéanann idirdhealú idir an staidéar seo agus na staidéir eile ná go raibh diagnóis luath déanta in sna hothair le Covid-19 i gclinic othar seachtrach agus go raibh siad cóireáilte go luath’’, a dúirt Derwand. ‘’Faraor, dealraíonn sé go bhfuil eolas leighis comónta dearmadta againn - go bhfuil sé riachtanach cóireáil le hothar le galar tógálach chomh luath agus is féidir. Chóireáil Zelenko a chuid othar a bhí riosca-shrathaithe láithreach bonn le na trí druga chun éifeachtúlacht leordhóthanach a chinntiú agus níor fhan sé chun go bhforbródh an galar níos mó’’.

‘’Tá sé mí-ámharach go bhfuil cuid mhór den tuairisciú ar na meáin, maidir le hydroxychloroquine, diúltach’, a dúirt Zelenko. ‘Tá na trí druga seo inacmhainne, ar fáil i bhfoirm piollaire agus feidhmíonn siad i sineirge in aghaidh Covid-19. Feidhmíonn an réim seo agus tarlaíonn sé gurb é seo an t-aon cóireáil réamh-ospidéal a thaispeánann dóchas’’.

Dúirt Zelenko freisin gurb ‘’í príomh-fheidhm Hydroxychloroquine ná cead a thabhairt don sinc dul isteach sa chill agus gurb í sinc scriostóir an víris’’. ‘’Cuireann azithromycin cosc ar ghalar baictéarach tánaisteach in sna scámhóga agus laghdaíonn sé an baol atá ag baint le haimhréidheanna scámhógacha. Mar sin, is í sinc an t-urchar, is é hydroxychloroquine an gunna agus is é azithromycin an veist chosanta’’.

‘’Is é seo an chéad staidéar le hothair sheachtracha Covid-19 a thaispeánann conas is féidir le
srathú-riosca, atá éasca le cur i gcrích, cead a thabhairt cinntí a bhaineann le cóireáil mhear a dhéanamh tamall beag tar éis teacht na siomptóm’’, a dúirt an t-Ollamh Scholz. ‘’Is é toradh an teiripe cúig lá seo, atá glactha go maith, ná ráta i bhfad níos lú de dhaoine san ospidéal agus níos lú báis agus gan trácht ar bith ar aon fho-iarmhairtí cairdeacha i gcomparáid le sonraíocht thagartha phoiblí atá ábhartha agus a bhaineann le hothair neamh-chóireáilte. Is féidir le méadaíocht na dtorthaí seo ábharthacht úsáid luath hydroxychloroquine (dáileog íseal) a ardú go mór - go háirithe i meascán le sinc. Is féidir úsáid a bhaint as an sonraíocht seo chun faisnéis a thabhairt faoi pholasaithe a bhaineann le freagairt phaindéimeach leanúnach chomh maith le trialacha cliniciúla sa todhchaí’’.

Eolas Faoi Dr. Roland Derwand

Bunaithe i Munich, is dochtúir leighis agus saineolaí i dtionscail eolaíocht saoil é Derwand le beagnach fiche bliain taithí oibre aige. Faoi láthair, is ceannaire é sa Rannóg um Ghnóthaí Leighis i gcomhlacht Bith-Theicneolaíochta Meiriceánach sa Ghearmáin. Rinne sé a chuid gníomhaíochta agus rannpháirtíochta sa staidéar seo mar rud príomháideach agus neamhspléach. Roimhe seo, bhí poist éagsúla aige i dtionscail na cógasaíochta agus na bith-theicneolaíochta le dualgaisí náisiúnta, Eorpacha agus domhanda. Tá M.D. bainte amach aige ó Ollscoil Johannes Gutenberg, i Mainz sa Ghearmáin agus MBA bainte amach aige ón PFH, Ollscoil Phríomháideach na hEolaíochtaí Feidhmeacha in Göttingen, sa Ghearmain agus rinne sé an Dochtúireacht sa Fhiseolaíocht Chardashoithíoch.

Eolas Faoi Dr. Martin Scholz

Tá céim Dhochtúireachta (Ph.D.) bainte amach ag Scholz ó Ollscoil Johann Wolfgang Goethe, Frankfurt am Main, An Ghearmáin, agus is Ollamh Taca é do Leigheas Turgnamhach in Ollscoil Heinrich Heine, Düsseldorf, An Ghearmáin. Oibríonn sé freisin mar stiúrthóir bainistíochta sa chomhlacht comhairleach ‘’Starts-and-Ups’’. Roimhe seo, d’oibrigh sé mar Phríomh-chomhairleoir Eolaíochta ar bhord feidhmiúcháin LEUKOCARE AG, comhlacht bith-theicneolaíochta a bhunaigh sé sa bhliain 2001. Ghlac sé an gradam ‘’Professor Honoris Causa’’ i nDámh na Míochaine, Marilia (FAMEMA) in São Paulo, An Bhrasaíl.

Eolas Faoi Dr. Vladimir Zelenko

Ghrádaigh Zelenko ón SUNY i Scoil na Míochaine, Buffalo sa bhliain 2000. Tá sé teistithe i Leigheas Clainne agus is stiúrthóir leighis é san Ionad Leighis Monsey Family.


Chun níos mó eolais a fháil, téigh chuig www.thezelenkoprotocol.com

Le haghaidh iarratais meán cumarsáide, seol ríomhphost chuig countermediarelations@gmail.com

Más mian leat cur leis an tionscadal trí ábhair an Dr. Zelenko a aistriú go teangacha eile, bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh linn ag contact@internetprotocol.co.